Romhánach 6:4-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.

5. Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:

6. Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.

7. Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó pheacadh.

8. Agus má fúaramar bás mar áon ré Críosd, creidmid go mairfeam mar an gcéudna maráon ris:

9. Ar mbeith a fhios aguinn ar néirghe do Chríosd ó mharbhaibh nach bhfuighe sé bás ní sa mhó; ní bhfuil tighearnus feasda ag an mbás air.

10. Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.

Romhánach 6