16. An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
17. Achd buidheachas ré Día, go rabhabhair bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, achd dúmhlaigh sibh ó chróídhe don fhoirm theaguisg do tugadh dhíbh.
18. Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh, do rinneadh seirbhísigh don fhíréuntachd dhaóibh.
19. Is mar dhuine labhrum ar son anbhfainne bhur bhféolasa: oír do réir mar thugabhair bhur mbaill na seirbhíseachuibh do neamhghloine agus do bhriseadh na naitheantadh chum éagcóra; tabhruigh a nois mar an gcéudná bhur mbaill na seirbhíseachuibh don fhíréantachd chum náomhthachda.
20. Oír an tan do bhí sibh bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, do bhí sibh sáor ó fhíréuntachd.