14. Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
15. Créd eile maseadh? a ndéanam peacadh, ar a nadhbhar nách bhfuilmíd faói an dligheadh, achd faói ghrásuibh? nar léige Día sin.
16. An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
17. Achd buidheachas ré Día, go rabhabhair bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, achd dúmhlaigh sibh ó chróídhe don fhoirm theaguisg do tugadh dhíbh.
18. Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh, do rinneadh seirbhísigh don fhíréuntachd dhaóibh.