Romhánach 2:14-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Oir na Cineadhacha ag nach bhfuil an dligheadh, do níd síad ó nádúir na neithe bheanas ris an dligheadh, íad so, ag nach bhfuil an dligheadh aca, atáid síad na ndligheadh dhóibh féin:

15. Noch fhoillsigheas obair an dlighidh sgríobhtha an a gcroidhthibh, ar mbeith dá gcogús ag déunamh fíadhnuise má ráon ríu, agus a smuáintighthe ag éiliughadh a chéile nó fós ag gabháil a leisgiél;)

16. Ann sa lá an a mbéura Día breith ar sheicréidibh na ndáoine tré Iósa Críosd do réir mo shoisgéilsi.

17. Féuch, goirthear Iúduidhe dhíotsa, agus muinighidh tú as a ndligheadh, agus do ní tú mordháil as Día.

18. Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;

Romhánach 2