7. Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.
8. Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.
9. Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.
10. Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.