23. Oir do iompóidheadar glóir Dé nach éidir do thruáilleadh a gcosamhlachd iomháighe dhuine shothruáillighe, agus éunlaithe, agus ainmhinnteadh cheatharchosach, agus phéisdeagh.
24. Ar a nadhbharsin tug Día iadsan mar an gcéudna chum neamhghlaine tre aínmhíanaibh a gcríodheadh féin, chum a gcorp do shalchadh eatorra féin:
25. Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
26. Ar a nadhbharsa tug Día íad dainmhíanaibh gráineamhla: óir do athruigheadar a mná a ngnáthughadh nádúrtha go ngnáthughadh mínádurtha: