1. Is maith admháil do dhéanamh don TIGHEARNA, agus sailm do chanadh dot ainm, ó thusa is ro áirde:
2. Dfoillsiughadh do thrócaire air maidin, agus thfírinne annsna hoidhchibh;
3. Air adhbha dheich ttéad, agus air an tsalmcheolach; agus air an ccláirsigh re guth árd.
4. Oír do rinne tú lúathgháireach mé, a THIGHEARNA, le hobairsi: do dhéan gáirdeachus a ngníomhuibh do lámh.
5. Cred é méad hoibreach, a THIGHEARNA! mar a ndubhaigéan atáid do smuaintighe.
6. Ní haithne do dhuine bhrúideamhuil; agus ní thuigionn amadán so.
7. A nuáir fhásaid na ciontaidh mar an bhféur, agus bhláithighid uile lucht oibrighthe na hurchóide; is annsin scriostar íad go síorruidhe: