61. Agus do thoirbhir a neart a mbraighdionas, agus a ghlóir a láimh na námhad.
62. Thug sé mar an ccéadna a dhaóine don chloidhiomh; agus do bhí sé feargach re na oighreachd.
63. Do loisg an teine rogha a ndaóine óg; agus níor mholadh a maighdiona.
64. Do thuiteadar a sagairt ris an ccloidheamh; agus níor ghuileadar a mbaintreabhacha.
65. Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon.
66. Agus do bhuáil a naimhde iona ndeireadh: thug sé scannail shiorruidhe dhóibh.
67. Agus do dhiúlt sé áitreabh Ióseph, aguis níor thogh sé treabh Ephraim:
68. Acht do thogh sé treabh Iudah, slíabh Sion noch dob ionmhuin leis.