56. Gidheadh do chuireadar cathughadh agus do bhrostuigheadar an Día is ro áirde, agus níor chongmhadar a fhíadhnuisigh:
57. Acht dfilliodar air a ccúl, agus do pheacuigheadar go míochoinghiollach mar a naithre: do bhádar air na niompógh mar bhogha cealgach.
58. Agus do chorruigheadar é chum feirge le na náitibh árda, agus re na níomháighibh ceirbhéartha do ghluáisiodar é chum éada.
59. Do chúalaidh Día sin, agus do bhí fearg air, agus do fhúathaidh Israel go ro mhór:
60. Agus do thréig sé tabernacuil Shilo, an páilliún noch do shuighidh sé a measc a dhaóine;