Psailm 77:15-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Dfúasgail tú led láimh do dhaoine, clann Iácob agus Ióseph. Selah.

16. Do chonncadar na huisgeadha thú, a Dhé, do choncadar na huisgeadha thú; do bhí eagla orra: do bhádar na haigéin buáidheartha.

17. Do dhóirteadar na néulla amach uisgeadha: thugadar na spéirigh fúaim: do chúadar fós do shoighde timchioll.

18. Do bhí fúaim do thóirnighe annsna spéirigh: dfoillsigh do thinnteacha an saoghal: do chriothnuigh agus do ghabh eagla an talamh.

19. Annsa bhfairge atá do shlighe, agus do chasán annsna huisgeadhuibh móra, agus ní haithnithear do choiscéime.

20. Do threoruighís mar thréud do dhaóine ré láimh Mhaóise agus Aaron.

Psailm 77