Psailm 77:10-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus a dubhras, A nois tionsgonad, ag so cláochló deasláimhe an té is ro áirde.

11. Cuimhneochad oibreacha an TIGHEARNA: go deimhin cuimhneochad hoibreacha iongantacha ón tseanaimsir.

12. Agus smuáinfiod ar hoibreachaibh uile, agus air do ghníomharthuibh do dhéan cúimhne.

13. O a Dhé, is a náomhthacht, atá do shlighe: cía atá na Dhía comhmór re Día!

14. Is tusa an Día noch do ní obair iongantach: do chuir tú do neart a numhail a measc na ndáoine.

15. Dfúasgail tú led láimh do dhaoine, clann Iácob agus Ióseph. Selah.

16. Do chonncadar na huisgeadha thú, a Dhé, do choncadar na huisgeadha thú; do bhí eagla orra: do bhádar na haigéin buáidheartha.

17. Do dhóirteadar na néulla amach uisgeadha: thugadar na spéirigh fúaim: do chúadar fós do shoighde timchioll.

18. Do bhí fúaim do thóirnighe annsna spéirigh: dfoillsigh do thinnteacha an saoghal: do chriothnuigh agus do ghabh eagla an talamh.

Psailm 77