Psailm 73:13-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Go deimhin is a ndíomhaoineas do sgagas mo chroidhe, agus do nighios mo lámha a neimhchionntaibh.

14. Agus do bhí mé air mo phíanadh air feadh an laói, agus air maidin do bhí mo achmhusan.

15. Má deirim, Laibheorad marso; féuch, do dhéana mé éagcóir air ghinealach do chloinnesi.

16. Agus do mheas mé a fhios so do bheith agam, acht bá sáothar ann mo shúilibh sin;

17. Nó go ndeachaidh mé a sanctoruibh Dé; gur thuig mé a ndeireadhsin.

18. Go deimhin suighe tú íad a náitibh sleamhna, teilge tú síos íad a nuáigneasuibh.

19. Ciondus tugthar chum neimhni mar budh a moiment íad! meathar íad ré húathbhásaibh thrid amach.

Psailm 73