Psailm 71:19-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Atá thfíréuntacht fós ro árd, a Dhé, noch do rinne neithe móra: a Dhé, cía is cosmhuil riotsa!

20. Thusa noch do thaisbéin damh buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair mé a rís, agus do bhéarair súas mé ó dhoimhne na talmhan.

21. Foirlíonfa tú márrachtas, agus comhfuirteocha tú mé air gach taóibh.

22. Molfa mé fós thú air adhbhaidh na sáltrach, thfírinnesi, ó mo Dhía: canfad sailm dhuit leis an ccláirsigh, thusa a Aóin Náomhtha Israel.

23. Do dhéana mo bhéul lúathgháire mar chanfad sailm dhuit; agus manam, noch dfúascuil tú.

24. Laibheoruidh mar an gcéadna mo theanga air thfíréantachd feadh an laói: óir atáid claóite, atáid ar na nairiughadh, an drong íarrus molc.

Psailm 71