Psailm 69:16-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Cluin mé, a THIGHEARNA; oír is maith do chinéul grádhach: do réir iomad do thrócaire ceannsa fill orum.

17. Agus ná foluigh haghaidh od sheirbhíseach; oír a táim a mbuaidhreadh: déana deithfir dom éisdeachd.

18. Druid a ngar dom anam fúasgail é: sáor mé do bhrígh mo námhad.

19. Is aithne dhuitsi mo scannail, agus mo náire, agus measonóir: atáid mo naimhde uile ós do choinne.

20. Do bhris an táchmhusán mo chroidhe; agus atáim lán do dhóbrón: agus do bhí súil agam re duine éigin do dhéanadh comhthuirsi leam, agus ní raibh áonduine; agus ar son luchd comhfhurtachda, ní bhfúaras íad.

21. Agus thugadar dhamh arson bhíadh domlas; agus ann mo thart thúgadar fíneagra re nól damh.

22. Bíodh a mbórd ós a ccoinne féin mar dhul: agus a nionad luaidheachda, mar phaintéur dhóibh.

23. Dorchuidhthear a súile, iondus nach bhfaicid; agus tabhair air a leasrachaibh bheith a ccomhnuighe air crith.

24. Doirt amach do dhíbhfheirg orra agus gabhadh teas thfeirge greim orra.

Psailm 69