1. A Dhé, is duitse is dúal moladh, a Síon: agus is riotsa díolfar an mhóid.
2. Thusa noch éisdeas re húrnaigh, chugadsa thiucfas a nuile fheóil.
3. Do rugadar neithe éaigceart buáidh am aghaidh: sgagfa tusa, ar saruighthe.
4. Is beannuighe an té thoghas tú, agus do bheirir a ngar, do dhéana sé comhnuighe ann do chuirtibh: saiseochthar sinne re neithibh maithe do thighe, do theampuill náomhtha.
5. Re neithibh úathbhásacha fhregeoras tú sinn a bhfíréantachd, a Dhé ar slánaighthe; dóthchus uile theóranna na talmhan, agus na fairge noch atá a bhfad úainn:
6. Noch dhiongmhalas na sléibhte re na neart; agus é ar na thimchiollughadh ré cumhachta: