1. An labharthaoi ceart dha ríribh, a choimhthionól? a ndéantaói breitheamhnus go díreach, sibhse a chlann na ndaóine?
2. A seadh, a ccroidhe oibrighthí urchóid; annsa talamh chomhthromaidh foiréigion bhur lámh.
3. Do níd na ciontaigh coimhthighidh dhíobh féin ón mbroinn: tiaghaid ar seachrán ón mbolg, ag labhairt bhréug.
4. Is cosmhuil a nimh re nimh naithreach nimhe: is cosmhuil íad re hadar boghar noch dhruidios a chlúas.
5. Noch nach éistfe re guth na ndrúagh, ag cleachtadh a ndraóidheachda go glic.