9. Foluigh haghaidh óm pheacuighibhsi, agus scrios uáim mo chionta.
10. Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán.
11. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná béir do spiorad náomhtha uáim.
12. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.
13. Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa.
14. Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird.
15. A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochaidh mo bhéul do mholadh.
16. Oír ní iarrann tú íodhbairt; agus ge ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge.