Psailm 50:11-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus is liomsa beathuigh állta an mhachaire.

12. Da mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.

13. A níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?

14. Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:

15. Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.

16. Acht ris an ccionntach a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidighsi dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá mo chunnradh ad bhéul?

17. Agus fúathuighe tú smachdughadh, agus teilgfir mo bhríathra táobh síar dhíot.

Psailm 50