12. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé.
13. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair.
14. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.
15. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha.
16. Déanaidís gáirdeachus agus bídís lúathgháireach ionnadsa gach áon dá níarrann tusa: abraidís a ccomhnuighe gach a ngrádhuighionn do shlánughadh, Go méadaighthear an TIGHEARNA.