4. A THIGHEARNA, foillsigh dhamh mo chríoch dheighionach, agus tabhair a fhios damh caidhe fad mo láethe; go madh fios damh cá fad mhairfios mé.
5. Féuch, do rinne tú mo láethe do leithead baise; agus atá maóis mar neimhní ad lathairsi: go deimhin is díomhaóineas go léir a nuile dhuine dhá fheabhus da mbí a staid. Selah.
6. Go deimhin is mar íomháigh shiubhlas a nuile dhuine: go deimhin is a ndíomhaóineas do níd corrughadh: cruinnidh duine maóin, agus ní fheadair sé cía chaithfios íad.
7. Agus a nois, cred ar a bhfuilim ag feithiomh? a THIGHEARNA, atá mo dhóthchus ionnadsa.
8. Om uile aindligheadh sáor mé: na déan scannail a namadáin díom.
9. Do bhí mé balbh, níor fhoscáil mé mó bhéul; do bhrígh go ndéarna tusa é.