Psailm 31:20-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.

21. Go madh beannuigh an TIGHEARNA: óir do rínne sé a chinéul ro iongantach dhamhsa a ccathruigh dhaingin.

22. Oír a dubhrus ann mo dheithnios, Atáim ar mo ghearradh amach ód radharc: gidheadh do chúala tú guth mo ghearáin a nuáir do gháir mé chugad.

23. Grádhuighidh an TIGHEARNA, ó sibhsi a náoimh féin uile: coímhéaduigh an TIGHEARNA an firinneach slán, agus díoluidh a luáidheachd ris a núaibhreach.

24. Bídhidh láidir, agus neirteochuidh sé bhur ccroidhe, sibhsi uile agá bhfuil bhur ndóigh san TIGHEARNA.

Psailm 31