7. Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.
8. Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
9. Atá eagla an TIGHEARNA glan, ag marthuin choidhche: is fírinneach breitheamhnusa an TIGHEARNA agus ceart go hiomlán.
10. Mó is cóir a níarruidh ná ór, aseadh, ná iomad dór fhínealta: ni is millsi mar an gcéadna ná mil, agus ná seilt chriathar na meala.
11. Leó fós teagasgar do shearbhfhoghantuigh: iona ccoimhéad atá lúaigheachd mhór.
12. Cía thuigfeas a sheachrán? ó pheacuighibh foluigheacha glansa mé.