34. An té mhuinios mo lámha chum cogadh, iondus go mbristior bogha crúadha rem lámhuibh.
35. Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé.
36. Fairseonguidh tú mo choiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.
37. Do bhéar tóruigheacht dom naimhdibh, agus béarad orra: agus ní fhillfe mé go cclaóidhtear íad.
38. Gonfead íad thríotha iondus nach budh éidir léo éirghe: tuitfid fam chosuibh.
39. Uillmheochuidh tú lé neart mé chum an chatha: claoidhfidh tú an luchd éirghios am aghaidh.
40. Agus thugais muinéul mo námhad dhamh; agus na luchd fhuáithighios mé scriosfa mé íad.
41. Do dhéanuid éimhghe, (agus ni bhiáidh áon do dhéanadh a ndídion): chum an TIGHEARNA, agus ní chluinfe sé íad.
42. Agus brúighfe mé íad amhuil luáithreadh roimhe an ngaóith: amhuil lathach annsna sráidibh sailteoruidh mé orra.
43. Saorfa tú mé ó imreasain na ndaóine; cuirfir mé mar cheann air na cineadhachaibh: daóine nar bhaithne dhamh do dhéanuid serbhís damh.
44. Comhluath is chluinfid a ccluas, caithfid bheith umhal damh: caithfidh an coigcrigheach umhla do dhéanamh dhamh.
45. Tuitfid na coigcrígh, agus biáidh eagla orra as a nionaduibh daingne.
46. Mairidh an TIGHEARNA; agus go madh beannuigh bhias mo charruic; agus árduighthear Día mo shlánuighthe.
47. An Día noch do bheir dioghaltas ar mo shonsa, agus a deir ris na daóinibh bheith urramach dhamh.
48. Sáorfa tú mé óm naimhdibh: iseadh, tógfa tú mé ós cionn na druinge éirghios súas am aghaidh: sáorfa tú me ó fhear a nfhoiréigin.
49. Ar a nadhbharsin molfa mé thú, a THIGHEARNA, a measc na ngeinteadh, agus canfad moladh dot ainm.