9. Na sléibhte, agus na huile chnoic; croinn thoraidh, agus a nuile shéadar
10. An beathach allta, agus a nuile ainmhidhe; gach ní shnáighios, agus éunlaith eitiolus:
11. Ríghthe na talmhan, agus na huile dhaoine; prionnsoighe, agus uile bhreitheamhuin na talmhan:
12. Oígfhir, agus fós maighdiona; seandaóine, agus leinibh:
13. Molaidís ainm an TIGHEARNA; oir atá a ainm amháin ar na árdughadh go hoirdheirc; atá a ghlóir ós cionn na talmhan agus na neamh.
14. Agus dárduigh sé adharc a dhaóine, moladh a náomh uile; chlanna Israel, na daoine atá a bhfogus dó. Moluidh an TIGHEARNA.