Psailm 139:9-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Má ghabhuim sciatháin na maidne, agus má chomhnuighim a rannaibh foiriomlacha na mara;

10. Ann sin fos tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé.

11. Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll.

12. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.

13. Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.

Psailm 139