Psailm 122:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do luáthgháirighios ris an lucht a dúbhairt leam, Téigheam go tigh an TIGHEARNA.

2. Atáid ar ccosa na seasamh ann do gheatadhuibh, a Ierusalem.

3. Ierusalem ar na tógbháil mar chathraidh atá ar na choimhcheangal innte féin ré chéile:

4. Oír is innte sin suas théid na treabha, treabha an TIGHEARNA, go fiadhnuisi Israel, chum anma an TIGHEARNA do mholadh.

5. Oír suighfid annsin a suighibh ríogha chum breitheamhnuis, cathaóire ríogha thighe Dháibhi.

Psailm 122