82. Faillighid mo shúile tre do bhréithir, ag rádh, Cá húair dó bhéarair furtachd dhamh?
83. Bíodh gur ba cosmhuil mé re buidéul annsa deatuigh; níor dhearmaid mé do reachdasa.
84. Cá líon láethe do sheirbhísigh? cá huáir bhéarair breitheamhnus a naghaidh na droinge ainleanas mé?
85. Do thochladar na huáibhrigh puill am choinne, noch nach raibh do réir do dhlighesi.
86. Atáid haitheantasa uile fírinneach: ainleanad mé go héagcóir; cuidighsi liom.
87. Is beag nar chnaóidheadar mé air an ttalamh; níor thréig mé haitheantasa.
88. Béoghuidh mé do réir do thrócaire; agus coimhéadfa mé breitheamhnuis do bhéil.