Psailm 119:61-73 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

61. Do shladadar slúagh na gciontach mé: níor dhearmaid mé do dhligheadh.

62. Annsa meadhon oidhche éireochad dot mholadh do bhrígh breitheamhnus thfíréantachta.

63. Atáim am chompánach ag gach aon ar a bhfuil heagla, agus do lucht coimhéada haitheanta.

64. A THIGHEARNA, atá an talamh líonta dot thrócaire: teagaisg do reachda dhamh.

65. Do rinne tú go maith led shearbhfhoghantuigh, a THIGHEARNA, do réir do bhréithre.

66. Teagaisg dhamh tuigse mhaith agus éolus: óir do chreid mé haitheanta.

67. Suil do bhuáidhreadh mé, do chuáidh mé ar seachrán: a nois coimhéaduim do bhríathra.

68. Is maith thú, agus do ní tú maith; teagaisg do reachda dhamh.

69. Do chumadar na huáibhrigh bréag am aghaidh: ré croidhe iomlán coimhéadfa mé haitheanta.

70. Atá a gcroidhe ramhar mar mheathus; atá mo dhúil ann do dhligheadh.

71. Is maith dhamhsa gur buáidhreadh mé; ionnus go ndéan do reachtasa fhoghluim.

72. Is féarr dhamh dligheadh do bhéil ná na mílte dór agus dairgiod.

73. Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.

Psailm 119