Psailm 119:153-164 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

153. Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor dhearmuid mé do dhligheadh.

154. Tagair mo chúis, agus sáor mé: do réir dó bhréithre béoghaidh mé.

155. As fada slánughadh ón gcoirighthe: óir ní íarruid do reachta.

156. Is líonmhar do thrócaire chineulta, a THIGHEARNA: béoghaidh mé do réir do bhreitheamhnuis.

157. Is líonmhar lucht mo bhuáidheartha agus measccáirde; níor chláon mé ó thfiaghnuisibhsi.

158. Do chonnairc mé lucht an tsáruighthe, agus do bhí mé doilghiosach; do bhrígh nár choimhéadadar thfocal.

159. Féuch gur bionmhuin liom haitheanta: a THIGHEARNA, do réir do thrócaire béoghaidh mé.

160. As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.

161. Do ainleanadar prionnsuidhe mé gan adhbhar: achd do bhí eagla air mo chroidhe red bhréithirsi.

162. Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail.

163. Fúathuighim agus bí gráin agam air bhréugaibh: is ionmhuin liom do dhlighéadh.

164. Moluim thú seacht nuáire san ló a ttaobh bhreitheamhnus thfíréantachda.

Psailm 119