Psailm 119:107-122 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

107. Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach: béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail.

108. Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis.

109. Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa.

110. Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.

111. Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad.

112. Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth.

113. Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine: acht grádhuighim do dhligheadhsa.

114. Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath: do bhí mo dhóigh ann thfocal.

115. Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc: agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé.

116. Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me: agus ná náirigh mé fám dhóthchus.

117. Connuimh súas mé, agus biáidh mé a ndídean: agus biáidh mo dhúil ann do reachdaibh do ghnáth.

118. Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh: óir is neimhfhírinne an gangaid.

119. Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh: ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha.

120. Criothnuidh mfeoil ré heaglasa; agus atá úamhan do bhreitheamhnuis orum.

121. Do rinne mé ceart agus breitheamhnus: ná toirbhir mé do luchd mo sháruighthe.

122. Bí a nurrughus air do sheirbhíseach chum maitheasa: ná léig do nuáibhreach mo shárughadh.

Psailm 119