Psailm 103 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Gairdeachus an tanam déis a shásughadh go mór le grásaibh Dé.

Psalm Dháibhi.

1. Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA: agus mo íonathar uile, a ainm náomhtha.

2. Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile:

3. Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe;

4. Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócáireadha chinéulta ort;

5. Noch shásuighios do bhéul ré maith; ata hóige ar na hathnúaghadh mar iolar.

6. Do ní an TIGHEARNA ceart agus breitheamhnus do gach áon a leathtrom.

7. Dfoillsigh sé a shlightheacha do Mhaóise, a oibreacha do chlannuibh Israel.

8. Atá an TIGHEARNA grásamhuil agus lán do thruáighe, fad fhuilingeach, agus diomud trócaire.

9. Ní bhiáidh sé choidhche a nimreasuin: ni mó chuinneochus sé a fhearg go síorruidhe.

10. Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn.

11. Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla.

12. Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne.

13. Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla.

14. Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn.

15. Atáid láethe an duine, mar an bhféur; mar bhláth an mhagha, is marsin bhías ag bláthughadh.

16. Oir téid an gháoth thairis, agus ní bhfuil sé ann; agus ní aitheonuidh a ionad féin é ó sin amach.

17. Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac;

18. Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh.

19. Do shuighidh an TIGHEARNA a chathaóir ríogha ar neamh; agus atá a ríoghacht ag ríaghlughadh ós cionn a nuile.

20. Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre.

21. Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil.

22. Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá THIGHEARNAs: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA.