Psailm 102:4-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Atá mó chroidhe ar na bhúaladh, agus críon mar fhéur; óir do dhearmaid mé marán dithe.

5. Do bhrígh gotha mo chneaduigh ceangluid mo chnámha dom fheóil.

6. Is cosmhuil mé ris an bpelicán annsa díothramh: atáim mar ulchabhcan na nuáigneas.

7. Do ním faire, agus atáim mar ghealbhonn na áonar air mhullach an tighe.

8. Scannluighid mo naimhde mé air feadh an laói; an drong atá ar meire am aghaidh atáid air a mionnuibh am aghaidh.

9. Oír a duáigh mé luáith amhuil arán, agus do chomuisg mé mo dheoch ré gul,

10. Do bhrígh thfeirgesi agus thfíocha: óir do chuir tú súas mé, agus do theilg tú síos mé.

11. Is cosmhuil mó láethe re scáile noch théarnuighios; agus atáim amhuil féur ar ccríonadh.

12. Acht tusa, a THIGHEARNA, mairfir go síorruidhe; agus do chuimhne ó ghinealach go ginealach.

Psailm 102