Psailm 10:1-4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cred fa seasann tú a bhfhad amach, ó a THIGHEARNA? cred fá bhfolchann tú thú féin a naimsearuibh buaidheartha?

2. Do ní an ciontach iona úabhar gérleanmhuin air an mbochd: go ngabhthar íad annsna cealguibh noch do smuáineadar féin.

3. Oír maóidhigh an ciontach fonn a chroidhe, agus beannuighidh sé an sanntach, noch fhúathuighios an TIGHEARNA.

4. Ní dhéan an ciontach, tre úabhar a ghnúisi, lórgaireachd a ndiáigh Dé - ní bhfuil Dia iona uile smuáintighibh.

Psailm 10