7. Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.
8. Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot.
9. Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.
10. Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:
11. An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa:
12. Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin:
13. Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:
14. Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.