Mhata 8:19-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus ag teachd do sgríobaigh aírighe, a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, leanfuigh misi thu giodh bé ar bith ball ann a rachaidh tú.

20. Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann.

21. Agus a dubhairt fear eile dá dheisgiobluibh ris, A Thighearna, léig dhamhsa imtheachd ar tús agus máthair daghlacadh.

22. Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh.

23. Agus an tan do chúaigh sé a luin, do leanadar a dheisgiobuil é.

24. Agus, féuch, do éirigh sdoirm mhór ar an bhfairge, ionnus gus fholaigheadar na tonna an loug: achd do bhí seisean na chodladh.

25. Agus ar ndul chuige dá dheisciobluibh, do dúisgeadar é, ag radh, A Thighearna, sabháil inn: a támáoid air fagbháil.

26. Agus a deir seisean ríu, Créud fá a bhfuiltí eaglach, a luchd an chreidimh bhig? Ar néirghe dhósan an tansin, do bhagair sé air an ngáoith agus air an bhfairge; agus thainic ciúnas mór ann.

27. Agus do ghabh iongnadh na daóine, ag rádh, Créud é an fearso, agá bhfuilid na gáotha agus an fhairge ag umhlughadh dhó!

28. Agus an tan thainic sé don táoibh eile go tír na Ngeirgésineach, tárrladar do dháoínibh air ann a rabhadar deamhain, ag teachd as na tuámaighibh, agus do bhí rofhiochmhar, ionnas nar bhéidir do dhuine ar bhith an tslighesin do ghabhail.

29. Agus, féuchm do éimhgheadar, ag rádh, Créud é ar gcuídne dhiót, a Iósa, Mhic Dé? an dtainic tú ann so dár gcéusadhne roimhe a naimsir?

30. Agus do bhí sealbh mhór mac a bhfad úatha ag inghilt.

Mhata 8