Mhata 4:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ann sin do threóruigh an spiorad Iósa gus an bhfásach do chum go gcuirfeadh an díabhal cathughadh air.

2. Agus an tan do throisg sé dá fhíchiot lá agus dá fhichiot oidhche, do ghabh ocras é na dhíaigh sin.

3. Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.

4. Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.

5. Rug an díabhal leis é an tansin don chathruigh náomhtha, agus do chuir sé air bhinn an teampuill é,

6. Agus a dubhairt sé ris, Mas tú Mac Dé, teilg thú féin síos: óir a tá sé sgríobhtha, Go ttiobhruigh sé aithne da ainglibh ad thimcheall: agus toigabhuidh said thú ann a lámhaibh, do chum nach mbúailfeá do chos fá chloich.

7. A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.

Mhata 4