5. Agus ar dteilgean na bpíosadh airgid úadh ann sa teampoll, do dhealuigh sé ríu, agus ar nimtheachd do thochd sé é féin.
6. Achd ar nglacadh an airgid do na hárdsagartuibh, a dubhradar, Ní coir a gcur ann sa chisde, oir is lúach fola iad,
7. Agus ar ndéanamh comhairle dhóibhsean, do cheannchadar léo mach an photadóir, do chum eachdrann dadhlucadh ann.
8. Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh.
9. (Ann sin do coimhlíonadh an ní a dubhradh tré Ieremías fáidh, ag rádh, Do ghabhadar chuca na deich nairgid fhithchead, lúach an té do measadh, do bhí ar ná mheas ó chlannuibh Israél;