16. Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás.
17. Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd?
18. Oír do bhí a fhios aige gur ab tré thnúth tugadar úatha é.
19. Agus ar suidhe dhósan an a ccaithír bhreitheamhnuis, do chuir a bhean teachduireachd chuige, ag rádh, Ná biodh búain agad ris an bhfiréun úd: óir is mór do fhuiling misi a níugh a mbrionglóid ar a shon.
20. Achd cheana tugadar úachdaráin na sagart agus na sinnsir fá deara don phobal Barabbás diarruigh, agus Iósa do chur chum báis.
21. Agus ar bhfreagra don úachdarán a dubhairt sé ríu, Cía don días úd is mían libh do leígean chugaibh dhamh? Achd a dubhradarsan, Barabbás.