35. Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh:
36. Do bhí mé lomnochd, agus do chuireabhairsi éadach umam: do bhí mé tinn, agus tangabhair dom fhéachuin: do bhí mé a bpríosún, agus tangabhuir dom ionnsaidh.
37. Ann sin freagóruid na fíréanuigh é, ag rádh, A Thighearna, gá húair do choncamairne ocaras ort, agus do shásamar thu? nó tart ort, agus tugamar deoch dhuit?
38. Agus gá húair do chonncamar ad choigcrích thú, agus tugamar áoidheachd dhuit? nó lomnochd, agus do chuireamar éadach umad?
39. Nó gá húair do chonncamar tinn, no a bpríosún thú, agus tangamar chugan?
40. Agus freagóruidh an Rí agus a déara sé ríu, A deirim ribh go fírinneach, An feadh do rinneabhair é don duine is lugha do na dearbhráithreachaibhsi agumsa, go ndearnabhair dhamhsa é.
41. Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luchd na láimhe clí, A dháoine malluighthe, imthidhidh úaim ann sa teinidh shiorruídhe, atá ar na hullmhughadh don diabhal agus dá ainglibh:
42. Oír di bhí mé ocrach, agus ní thugabhair bíadh dhamh: do bhí tart oram, agus ní thugabhuir deoch dhamh:
43. Do bhí mé coigcríche, agus ní thugabhair áoidheachd dhamh: do bhí mé lomnochd, agus níor chuireabhair éadach umam: do bhí me éagcrúaidh, agus a bpríosún, agus ní thangabhair dom fhéachuin.
44. Ann sin do bhéaruid siádsan mar an gcéadna freagra air, ag rádh, A Thighearna, gá húair do chonncamairne ocarach, nó tartmhar, ná ad dhéoruigh, no lomnochd, nó éagcrúaidh, no a bpríosún thú, agus nach dearnamar friotholamh dhuit?
45. Ann sin do bhéara seisean freagra orrtha, ag rádh, A deirim ribh go firinneach, An mhéid nach dearnabhair é déinneach do mhuinntir roibhigsi, nach ndearnabhair dhamhsa é.
46. Agus iméochuid so bpiannuid shíorruidhe: achd iméochuid na fíréunuigh do bheathuigh mharthanuigh.