30. Agus teilgidh an searbhfhoghantuidhe neamhtharbhach ann sa dorchadus a tá leith a muich: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.
31. Agus an tráth thiocfas Mac an duine an a ghlóir féin agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidhfidh sé ar chaithír a ghlóire féin:
32. Agus cruinnéochthar na huile chinidheacha an a fhíadhnuisi: agus dealóchuidh sé ó chéile íad, mar dhealuigheas an táoghaire na cáoirigh ó na meannáin:
33. Agus cuirfidh sé na cáoirigh ar a láimh dheis, agus na meannáin ar a láimh chlé.
34. Ann sin a déara an Rí ris an luch bhías air a láimh dheis, Tigidh, a dháoine beannuighthe Matharsa, gabhuidh chugaibh óighreachd na ríoghachda a tá ar na hullmhughadh dháoibh ó thosach an domhuin:
35. Oír do bhí ocarus oram, agus tugabhair ní ré a ithe dhamh: do bhí tart oram, agus tugabhair deoch dhamh: do bhí mé am dhuine coigcríche, agus tugabhair áoidheachd dhamh:
36. Do bhí mé lomnochd, agus do chuireabhairsi éadach umam: do bhí mé tinn, agus tangabhair dom fhéachuin: do bhí mé a bpríosún, agus tangabhuir dom ionnsaidh.
37. Ann sin freagóruid na fíréanuigh é, ag rádh, A Thighearna, gá húair do choncamairne ocaras ort, agus do shásamar thu? nó tart ort, agus tugamar deoch dhuit?
38. Agus gá húair do chonncamar ad choigcrích thú, agus tugamar áoidheachd dhuit? nó lomnochd, agus do chuireamar éadach umad?