Mhata 25:19-29 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus tar éis aimsire faide tháinic tighearna na searbhfhoghantuidheadh úd, agus do ní sé cúntus ríu.

20. Agus ar dteachd don té fúair na cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag rádj, A thighearna, cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag rádh, A thighearna, cúig tallanna tug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé cúig tallanna eile léo.

21. Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin.

22. Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thallann thug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé dhá thallann eile léo.

23. A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mhaith ionnruic; do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuirfidh misi ós cionn mhoráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachas do thighearna féin.

24. Agus ar dteachd don té úd fúair a náontallon a dubhairt sé, A thighearna, do bhí a fhios agam gur dhuine crúaidh thú, bhéanus ann sa náit na chuir tú siól, agus chruinnigheas ann sa náit nach ar eathnuigh tú:

25. Uime sin do ghabh eagla misi, agus do imthigh mé agus do fholuigh mé do thallánn ann sa talamh: féuch, ag sin do chuid féin agad.

26. Agus ar bhfreagra dhá thighearna, a dubhairt sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidhe fhallsa, do bhí a fhios agad go mbeanuimsi ann sa náit nach ndearna mé siólchur, agus go gcruinnighim ann sa náith nar leathnuigh mé:

27. Uime sin do budh coir dhuitsi mo chuid airgid do thabhair do luch iomluit, agus ag teachd damh do gheabhuinn mo chuid féin maille lé biseach.

28. Ar a nadhbharsin beanuigh dhe an tallann, agus tabhruigh é don tí úd aga bhfuilid ne deich dtallanna.

29. (Oir do bhéarthar do ghach dhuine agá bhfuil ní, agus bíaidh a sháith aige: achd an té a tá gan ní aige toigebhthar úadh fós an ní a tá aige.)

Mhata 25