Mhata 25:10-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus an feadh do bhádar ag dul do cheannach, táinic an fear núaphósda; agus an chuid úd do bhí ullamh, do chúadar leis a sdeach chum an phósda: agus do híadhadh an dorus.

11. Agus na dhíaighsin tángadar na hógha eile mar an gceadna, ag rádh, A Thighearna, a Thighearna, osguil dúinne.

12. Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé, Go fírinneach a deirim ribh, Nach bhfuil a fhios agam cía sibh.

13. Ar a nadhbharsin déanuidh faire, oír ní bhfuil fios an láoi ná na húaire agaibh an a dtiocfuidh Mac an duine.

14. Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh.

Mhata 25