Mhata 24:46-51 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

46. Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a thighearna ag teachd, é dhá dhéanamh mar sin.

47. Go fírinneach a deirimsi ribh, Go gcuirfe sé os cionn a bhfuil aige é.

48. Achd má a deir an drochshearbhfoghantuidhe úd anna chroidhe, A tá mo thighearna ag cur a theachda a righneas;

49. Agus má thionnsgnann sé a chomhshearbhfhoghantuidhe féin do bhúaladh, agus fós bheith ag ithe agus ag ol a bhfochair luchd meisge;

50. Tiocfuidh tighearna a nógláoich úd ann sa lá nach bhfuil súil aige rís, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige,

51. Agus roinnfidh sé é, agus do bhéara sé a chuid dó a bhfochair luchd an fhúarchrabhaidh: mar a mbía gul agus gíosgán fíacal.

Mhata 24