Mhata 24:38-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Oír mar do bhádar ann sna laéthibh ré udílínn ag ithe agus ag ol, ag pósadh ban agus ag tabhair ban dfearuibh, go soithe an lá an a ndeachuidh Naói a sdeach ann sa naírc,

39. Agus ni raibh a fhios aca nó go dtáiníc an díle, agus gur thógaibh sé lé íad uile; is mar sin bhías teachd Mhic an duine.

40. Béid días ar an machaire an tráthsin; géubhthar lé fear aca, agus fuighfidhthear an fear eile.

41. Béid díás ban ag méilt ann sa mhuileann; géubhthar lé mnáoi aca, agus fuigfidhthear an bhean eile.

42. Ar a nadhbharsin déanuidhsi faire: oír ní bhfuil a fhios agaibh gá húair thiocfas bhur Dtighearna.

43. Achd bíodh a fhios so agaibh, dá mbeath a fhios ag fear an tighe cía an úair a dtíocfadh an gaduidhe, go deimhin do dhéanadh sé faire, agus ní fhuileongadh sé a thigh do thochailt tríd.

44. Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.

45. Uime sin cía a tá na óglach fhírinneach ghlic, noch do chuir a thighearna ós cionn a mhuinntíre, do thabhair bídh dhóibh na am féin?

46. Is beannuighthe an tóglach úd, á bhfuighe a thighearna ag teachd, é dhá dhéanamh mar sin.

47. Go fírinneach a deirimsi ribh, Go gcuirfe sé os cionn a bhfuil aige é.

Mhata 24