30. Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir.
31. Agus cuirfidh sé a aingil le trompa agus lé guth mór, agus cruinneochuid síad a dháoine toghthasan ó na ceithre gáothaibh, ó leithimeal neimhe go soithe an leithimeal eile dhe.
32. Agus foghlomuidh cosamhlachd ón chrann fíge; A núair bhíos a ghéagmáoth, agus fhásas a dhuilleabhair, áitheantar gur ab fogas an samhradh:
33. Mar an gcéadna bíth a fhios agaibhsi, an tráth do chífidhe na neithisi uile, go bhfuil sé a ngar dháoibh, ann sna doirsibh.
34. A deirim ribh go firinneach, Nach racha an dínesi thoruinn nó go ndéantar na neithe si uile.