Mhata 22:16-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Ar a nadhbharsin cuirid síad a ndeisciobuil féin chuige maille ré muinntir Iorúaith, ag rádh, A mhaighisdir, a tá a fhios aguinn gur ab duine fírinneach thusa, agus go dteagasgann tú slíghe De go fírinneach, agus nach bhfuil cás agad a náonnduine: óir ní fhéachann tú do phearsain na ndáoine.

17. Ar a nadhbharsin innis dúinne, créd do chíthear dhuit? An cóir cíos do thabhairt do Shéasar, no gan a thabhairt?

18. Agus ar naíthne a mailíse Diósa a dubhairt sé, Créd fa a gcuirthí cathughadh oram, a luchd an fhúarchrábhaigh?

19. Taisbéanuidh dhamh airgead an chíosa. Agus tugadarsan, pighinn chuige.

20. Agus a dubhair sé ríu, Cía dár ab íomháigh so agus cía ré a mbeanann an sgríbhinn so na thimcheall?

Mhata 22