Mhata 19:15-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Agus tar éis a lámha do chur ortha, do imthigh sé as sin.

16. Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?

17. Agus a dubhairt seisean ris, Créd fá a ngóireann tu maith dhíomsa? ní bhfuil éinneach maith ach amháin, Día: achd mas mían leachd dul chum na beatha, eoimhéd na haitheanta.

18. A deir seisean ris, Cía bíad? agus a dubhairt Iósa, Ní dhéana tú dúnmharbhadh, Ní dheana tú adhaltrannas, Ní dhéana tú gaduidheachd, ní dhéana tú fiadhnuisi bréige.

19. Onóruigh hathair agus do mhathair: agus, Grádhuigh do chomharsa mar thú féin.

20. A deir an tógánach ris, Do choimhéd mé na neitheisi uile ó moíge: créd a tá duireasbhuidh oram fós?

21. A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi.

Mhata 19