23. Ar a nadhbharsin is cosmhuil ríoghachd neimhe ré rí aírighthe, lér bháill cúntas do dhéanamh ré na shearbhfoghantuidhibh.
24. Agus an tráth dó thíonnsgain sé cúntas do dhéanamh, tugadh chuige neach, dár dhligh sé deich mile talann.
25. Agus an tan nar bhéidir leis na fiáchaso ióc, do aithin a thighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do reic, do chum na bhfíach do dhíol.
26. Ar a nadhbharsin ag déanamh úmhla don tsearbhfhoghantuighe sin, do íarr sé athchuinghidh air, ag rádh, A thighearna déana foighid rióm, agus do bhéara mé an tiomlán dhuit.
27. Ann sin ar ngabhail trúaighe moiré tighearna a nógláoich úd, do léig sé úadh é, agus do mhaith sé na fíacha dhó.