Mhata 16:20-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Ann sin do aithin sé dá dheisciobluibh gan innisin déin neach gur bhé féin Iósa Criosd.

21. O a núairsin amach do thionnsgain Iosa a fhoillseaghadh dhá dheisciobluibh, gur ab éigin dó dhul go Híarusaleim, agus mórán dfulang ó na seinnsearuibh agus ó úachdaránaibh na sagart agus ó na sgriobuidhibh, agus bás dfulang, agus eiséirghe an treas lá.

22. Achd do ghabh Peadar é, agus do thionnsgain sé achmhusan do thabhairt dó, ag rádh, A bhfad uaidse sin, a Thighearna: ní theigeomha so dhuitse.

23. Achd ar gcasadh dhósan, a dubhairt sé ré Peadar, Imthigh am dhiaigh, a Shátain: is scannail dhamh thú: oir ní thuigeann tú na neithe bheanas ré Diá, achd na neithe bheanas ré dáoinibh.

24. A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi.

25. Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é.

26. Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin.

27. Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha.

28. Go fírinneach a deirimsi ribh, Go bhfuil cuid do luchd a tá na seasamh ann so, nach blaisfidh bás, no go bhfaicid Mac an duine ag teachd ann a rioghachd féin.

Mhata 16