23. Agus an tan do léig sé an pubal úadh, do chúaidh sé súas air shlíabh ná áonar do dhéanamh urnuighthe: agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, do bhí se an sin ná áonar.
24. Agus do bhí an long fá a námsin a meadhón ná fairge, dá tteilgean a nunn agus a nall ag na tonnaibh: óir do bhí an gháoth na naghaidh.
25. Agus a gcionn an ceathramhadh faire do noidhche do chúaidh Iósa na nionnsaid, ag siobhal air an bhfáirge.
26. Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.
27. Agus do labhair Iósa ríu air an mball ag rádh, Biódh meisneach maith agaibh; is Misi a tá ann; ná bíodh eagla oraibh.
28. Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh.
29. Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa.